Sa gcúirt i mBéal Feirste inniu cuireadh i leith Stuart Olding, a d’imir rugbaí le Éirinn agus le Uladh, go raibh an leagan atá aigesan agus leagan a chomhimreoir Paddy Jackson, difriúíl faoi cad é a tharla le linn eachtra a líomhnaítear a tharla in 2016.

Thug Stuart Olding fianaise sa mbosca sa triail ina bhfuil sé féin agus Paddy Jackson cúisithe as bean a éigniú mí an Mheithimh 2016.

D’admhaigh Stuart Olding go raibh náire air faoi theachtaireachtaí téacs a bhí seolta an lá dár gcionn.

Dúirt Stuart Olding, atá 24, go deachaigh sé chuig seomra codlata Paddy Jackson an oíche siúd.

Dúirt sé go bhfaca sé Paddy Jackson agus an bhean ag pógadh ar an leaba.

Dúirt sé gur thiontaigh an bhean thart agus gur shín sí amach a lámh mar chomhartha dósan fanacht.

Nuair a chuir a abhcóide Frank O Donoghue ceist air an raibh sé cinnte faoi sin dúirt sé go raibh sé 100% cinnte.

Dúirt sé go ndearna an bhean gníomh collaí air agus nach raibh sé cinnte cad é a bhí Paddy Jackson ag déanamh lena linn.

Shéan sé gur úsáid sé fórsa ar bith.

Á chroscheistiú, chuir an tAbhcóide Toby Hedworth ina leith go raibh leagan difriúil ag Stuart Olding agus Paddy Jackson ar cad é a tharla – Paddy Jackson ag rá go raibh an bhean i mbun gníomh collaí air nuair a tháinig Stuart Olding isteach agus Stuart Olding ag rá go raibh an bheirt ag pógadh ag an am.

Dúirt Stuart Olding gurbh é sin an chuimhne a bhí aige féin.

Chuir an t-abhcóide ina leith go raibh comhráití ag an gceathrar cairde atá ar a dtriail faoi cad é le rá chun iad a thabhairt as an bpraiseach a bhí cruthaithe acu.

Dúirt Stuart Olding go raibh sin go hiomlán mícheart.

Séanann an ceathrar gach cúis ina gcoinne.