Deir bainisteoir Chomharchumann Oileán Thoraigh Marjorie Uí Chearúil go gcuirfidh siad stop leis an mbád an Queen of Aran theacht le cé mar atá beartaithe an chéad lá d Aibreán, ach go ligfear do bháid eile theacht isteach.

Bhí cruinniú inniu ag Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara.

Tá árthach nua a thógáil nó a cheannacht i measc na moltaí atá fógartha ag an Roinn leis an aighneas faoi sheirbhís farantóireachta Thoraigh a réiteach.

Bheadh siad ag súil go mbeadh an soithíoch nua réidh i gceann 2 nó 3 de bhlianta.

Idir an dá linn bheadh an Queen of Aran, ar tugadh an conradh nua di, ag freastal ar an oileán.

Dúirt an Roinn go bhféadfaí seirbhís ghasta farantóireachta le bád níos lú a chur ar fáil amach anseo.

Deir Comharchumann Thoraigh nach nglacfaidh siad leis an mbád Queen of Aran ar choinníoll ar bith.

Go deimhin Mairéad Nic Suibhne go bhfuil teaghlach amháin ar a laghad leis an oileán a fhágáil má thagann an Queen of Aran.