Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón bPríomhoifig Staidrimh gur tháinig laghdú ar an iasc a tugadh i dtír sa 2 chalafort iascaigh is mó sa nGaeltacht i rith 2016.

Bhí 17% de laghdú sa Daingean i gCiarraí agus 7% de laghdú i Ros a' Mhíl.

Tugadh 10,454 tonna i dtír sa gcalafort ó dheas.

12,610 tonna a bhí i gceist in 2015.

Báid ón iasacht is mó a bhí ag marú éisc, - 6,317 tonna le hais 4,137 tonna ó bháid de chuid na hÉireann.

18% de laghdú a bhí ar luach an ábhair a tugadh i dtír.

Luach €23.5 milliún a maraíodh sa Daingean in 2016, titim €5m ar 2015.

I Ros a’ Mhíl tháinig formhór mór den iasc, a dheich n-oiread, ó bháid de chuid na tíre seo; 3,074 tonna le hais 317 tonna ó bháid ón gcoigríoch.

I gcás phríomhchalafort Chonamara tháinig 18% d’ardú ar luach na gabhála; beagnach €14m in 2016 i gcomparáid le €12m in 2015.