Tá líon na ndaoine ag fanacht le leaba sna hospidéil tar éis laghdú de bheagán ach tá sé ard go fóill a deir Cumann Altraí agus Cnáimhseacha na hÉireann.

614 an líon atá ag feitheamh inniu.

664 a bhí ann Dé Luain seo caite, díreach tar éis na stoirme.

In Ospidéal na hOllscoile Gaillimh is airde an figiúir, 51 othar.

Tá Tascfhórsa Éigeandála na Roinne Sláinte chun athbhreithniú a dhéanamh Dé Luain seo chugainn.