Tá Bainisteoir Ginearálta Ospidéal Ollscoile Chiarraí i dTrá Lí Fergal Grimes tar éis iarratas agus plean do 40 leaba breise don ospidéal a chuir faoi bhráid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus Ghrúpa Ospidéil an Deiscirt agus Iar-Dheiscirt.

Deir an Teachta Dála Neamhspleách Michael Healy-Rae go bhfuil géarghá leis na  leapacha breise chun teacht i dtír ar fhadhb  na liostaí feithimh agus fadhb na n-othar ar throllaithe san ospidéal.

Deir an TD go bhfuil tábhacht an iarratais ardaithe aige sa Dáil ach go bhfuil diúltaithe ag an Rialtas aon gheallúint a thabhairt go fóill maidir leis an iarratas agus nach mó ná sásta atá sé leis sin.