Beidh ócáid eolais do na meáin ar siúl inniu in Oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara le cur síos a dhéanamh ar mholtaí na Roinne maidir le seirbhís farantóireachta do Thoraigh.

Tá sé ráite ag Comharchumann Oileán Thoraigh nach mbeidh ionadaí acu i láthair ag ócaid an lae inniu agus go bhfuil siad go fóill ag diúltú glacadh le moltaí na Roinne mar go bhfuil an bád 'The Queen of Aran' san áireamh sna moltaí atá curtha ag an Roinn faoi bhráid an Chomharchumainn.