Rialaigh an Chúirt Uachtarach inniu nach bhfuil cearta bunúsacha bunreachtúla ag na beo gan breith seachas na cearta chun na beatha atá san Ochtú Leasú ar an mBunreacht.

Dúradh go bhfuil cearta bunreachtúla na mbeo gan breith teoranta do na cearta atá leagtha amach san Ochtú Leasú.

Bhí na seachtar breitheamh sa Chúirt Uachtarach ar aon fhocal faoin mbreithiúnas.

Cealaíonn an breithiúnas rialú na hArd-Chúirte arú anuraidh go raibh cearta taobh amuigh den Ochtú Leasú ag na beo gan breith agus go n-áirítear na beo gan breith sa téarma 'leanaí uile' atá sa bhunreacht.

Reáchtailfear reifreann faoin Ochtú Leasú an samhradh seo.