Tá diúltaithe ag Comharchumann Thoraí agus ag muintir an oileáin do mholtaí a sheol an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chucu tráthnóna maidir le seirbhís farantóireachta nua atá le tosú ar an gcéad lá den mhí seo chugainn. 

Níl aon ghlacadh acu leis an mbad an Queen of Aran atá luaite leis an tseirbhís agus tá bád nua á éileamh acu le freastal ar mhuintir an oileáin.

Tuigtear go dtabharfaidh ionadaithe ó Roinn na Gaeltachta fógra do na meáin in oifigí na Roinne sna Forbacha, Co na Gaillimhe, ag 11 a chlog ar maidin amárach maidir lena bhfuil á mholadh acu don tseirbhís farantóireachta.