Bhí Adelina Hurley, déagóir 16 bliana d'aois arb as Éirinn í, i  measc na ndaltaí a bhí sáinnithe sa sléacht i bParkland, Florida dhá lá ó shin.

Sé mhí ó shin a d'fhág ceathrar de mhuintir Hurley, tuismitheoirí agus beirt pháistí, a dteach i gCluain Tarbh le saol nua  a thosú i bhFlorida. Is ann atá cónaí ar thuismitheoirí Olga Hurley, agus chuaigh siad ann le bheith níos gaire dóibhsan. As an Rúis ó dhúchas d'Olga Hurley, ach chuir sí fúithi in Éirinn ar feadh 18 mbliana.

Cheannaigh siad teach timpeall an chúinne ón Marjory Stoneman Douglas High School, áit ar cláraíodh Adelina ina dalta.

Níor thug Olga aon ní suntasach faoi deara faoin gCéadaoin, nó go ndeachaigh sí le Adelaine a bhailiú ón scoil.

Thug sí faoi deara an chorraíl taobh amuigh den scoil, agus go tobann thuirling na sluaite póilíní ar an láthair as na ceithre haird, a dúirt Olga.

Rinne Olga teagmháil a dhéanamh lena hiníon ach ní raibh aon fhreagra ó Adelina agus bhí imní ag teacht uirthi.

I dtreo dheireadh an lae scoile a cuireadh an córas rabhaidh dóiteáin ar siúl, ar 2.30 pm. Dúirt Adelina go raibh cuma bhuartha ar an múinteoir de  bharr an chórais rabhaidh a bheith ag bualadh. Ba ghearr ina dhiaidh sin a chuala siad heileacaptair. Ach ar-líne a fuair siad amach go raibh an gunnadóir ina measc.

Thug an múinteoir na daltaí slán ón scoil, ag leanacht cúrsa rúnda chomh fada le hionad siopadóireachta áitiúil.

Tá cuimhne ag Adelina ar an scanradh a bhí ar gach duine, ar an screadaíl, ar na gcaoineadh a bhí gach áit agus an fonn a bhí ar gach duine rith leis ngunnadóir a sheachaint. Bhí daoine ag dreapadh thar an gclaí.

"Mom, I'm running, there is some shooting" - sin iad na focail a chuala Olga nuair a d'fhreagair Adelina a máthair sa deireadh.

Ar chloisteáil ghlór Adelina, thuig Olga go dtiocfadh sí slán. Ach níor dhúirt sí léi coinneáil uirthi ag rith, agus gan bheith ina haonar.

D'fhan Adelina agus Olga ar an bhfón lena chéile, ach bhí 40 nóiméad eile ann sular bhuail an mháthair agus an iníon lena chéile arís.

Beannacht agus bronntanas a bhí ann, a dúirt Olga, a hiníon a fheiceáil os a comhair amach arís.

Maraíodh duine de chomhdhaltaí ranga Adelina san ionsaí. Beidh sí deacair uirthi filleadh ar an scoil, a dúirt sí, ach measann sí go mbeidh daoine in ann an t-uafás a chur díobh.

Is anois, agus beagán machnaimh déanta ag Adelina ar an ionsaí, atá sé ag rith léi go bhféadfadh sí féin bheith i measc na marbh.