skip to main content

Ramaphosa tofa ina uachtarán nua san Afraic Theas

Bhí Cyril Ramaphosa (ar chlé) ina leasuachtarán do Jacob Zuma
Bhí Cyril Ramaphosa (ar chlé) ina leasuachtarán do Jacob Zuma

Tá Cyril Ramaphosa tofa ina uachtarán nua san Afraic Theas, ag parlaimint na tíre.

Tagann sé i gcomharbacht ar Jacob Zuma, a d'éirigh as oifig inné.

Fear gnó agus duine a bhíodh i mbun feachtais in aghaidh na cinedheighilte, is é Cyril Ramaphosa. Tá sé i gceannas an ANC ó mhí na Nollag seo caite.

Bhí vóta mímhuiníne le cur i Jacob Zuma, i dteach na parlaiminte inniu, mura n-éireodh sé as oifig.

Tá líomhaintí caimiléireachta curtha ina leith, líomhaintí atá á séanadh aige.