Mhaígh ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O'Neill gur éirigh an DUP as na cainteanna polaitíochta i Stormont cé go raibh an dá pháirtí tagtha ar chomhaontú. 

Dúirt Michelle O'Neill go bhfuil Sinn Féin i mbun cumarsáide le Rialtais na hÉireann agus na Breataine agus go leagfaidh an páirtí amach amárach a ndearcadh ar an gcor is deireanaí. 

Dúirt sí go bhfuil na haighnis idir an dá pháirtí fós le réiteach agus gur chóir don DUP a machnamh a dhéanamh arís ar a bhfuil déanta acu.