Tá sé ráite ag ceannaire an DUP Arlene Foster nach dóichí go mbunófar feidhmeannas Stormont arís go luath. Dúirt sí go raibh dianmhargáil ar bun le beagnach ceithre seachtaine idir an DUP agus Sinn Féin ach go raibh teipthe orthu teacht ar chomhaontú.

Dúirt sí go raibh bearnaí móra idir an dá pháirtí i dtaca le roinnt ceisteanna de agus gurbh í ceist na Gaeilge an chnámh spairne ba mhó. 

Tá na cainteanna i sáinn i ngeall ar éileamh Shinn Féin go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge as féin sa Tuaisceart. 

Dúirt sí go raibh dualgas anois ar Rialtas na Breataine buiséad don Tuaisceart a leagan amach agus polasaithe maidir le scoileanna, ospidéil agus bonneagar a chur i bhfeidhm.