Tá grúpa polaiteoirí ón bhfreasúra ag iarraidh ar an Rialtas seoladh an phlean náisiúnta Éire 2040 a chur ar athló le go mbeidh deis vóta a chaitheamh air sa Dáil agus sa Seanad i dtosach.

Tá an Creat Pleanála Náisiúnta ina bhfuil cur síos ar an leagan amach is ceart a bheith ar an tír as seo go ceann fiche bliain le seoladh i Sligeach Dé hAoine.

Tá sé curtha i leith an Rialtais ag an ngrúpa polaiteoirí, a thugann an Chomhghuallaíocht in Aghaidh an Chreat Pleanála Náisiúnta orthu féin, go bhfuiltear ag iarraidh an plean a thabhairt isteach le deifir ionas nach bhféadfaidh an tOireachtas dianscrúdú a dhéanamh air.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil go mbeadh bunús reachtúil faoin gCreat Pleanála Náisiúnta agus chuir sé i leith an fhreasúra gur ar chúiseanna polaitíochta a bhí siad ag cur in aghaidh an phlean nach bhfuil feicthe acu ar chor ar bith fós.