Tá cailín trí bliana d'aois a gortaíodh go dona i dteach i Seanchil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite tar éis bháis san ospidéal.

Cuireadh fios ar na seirbhís éigeandála chuig an teach ag thart ar 4.15 tráthnóna Dé Sathairn seo caite.

Tugadh an cailín go hOspidéal Mhuire na Leanaí i gCromhghlinn agus fíor-dhrochbhail uirthi. Cailleadh ansin aréir í. 

Tá bean sna daichidí cúisithe maidir le hionsaí a deirtear a tharla sa teach i Seanchill agus tabharfar os comhair cúirte arís amárach í.