Tá 350 post nua le cur ar fáil ag an gcomhlacht cógaisíochta MSD i Sord i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Tá ionad nua déantúsaíochta le bunú ag an gcomhlacht ansin.

Beidh an comhlacht ag táirgeadh drugaí déanta as orgánaigh bheo don mhargadh idirnáisiúnta.

D'fhógair an comhlacht ceithre bliana ó shin go raibh siad lena n-ionad i Sord a dhúnadh agus go gcaillfí 570 post ann. Dúnadh anuraidh é ach anois tá siad ag cur tús le tionscnamh nua ar an láthair chéanna.