Tá Acht Gaeilge as féin sa Tuaisceart curtha as an áireamh ag ceannaire an DUP Arlene Foster agus cainteanna ar bun ansin maidir le feidhmeannas Stormont a bhunú arís. Níl aon fheidhmeannas ann ó mhí Eanáir anuraidh. 

Acht Gaeilge as féin is ea ceann de phríomhéilimh Shinn Féin ag na cainteanna ach dúirt Arlene Foster nach mbeadh aon ghlacadh ag an DUP lena leithéid.

Ainneoin na tuairimíochta ar fad le cúpla lá, a dúirt Arlene Foster, ní ghlacfadh an DUP ach oiread le dlíthe faoi chomharthaí bóthair a bheith dátheangach, faoi chuótaí státseirbhíseach ar Gaeilgeoirí iad ná le Gaeilge éigeantach i scoileanna. 

Thug sí le fios chomh maith go raibh éiginnteacht ag baint le bunú an fheidhmeannais arís. D'fhéadfadh sé tarlú i gceann cúpla lá, cúpla seachtain nó cúpla mí go deimhin, a dúirt sí.