Tá tuairiscí sna meáin le cúpla lá maidir le polasaithe iontrála Ghaelscoileanna cáinte ag an eagraíocht Gaeloideachas. Tacaíonn Gaeloideachas le daoine scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú agus a fhorbairt.

Deir Gaeloideachas gur léiriú míchruinn a bhí sna meáin ar chur chuige scoileanna lán-Ghaeilge, go háirithe  scoileanna a bhfuil ró-éileamh ar áiteanna iontu. 

Tá reachtaíocht nua maidir le polasaithe iontrála scoileanna á dréachtú faoi láthair. 

Maidir le hagallaimh a chur ar leanaí, deir ardfheidhmeannach na heagraíochta Bláthnaid Ní Ghréacháin nach fíor a rá gur "modh éigeantach chun áiteanna a bhronnadh ar pháistí sna scoileanna lán-Ghaeilge" a bheas iontu. Ní bheadh aon ghlacadh ag Gaeloideachas leis sin, a deir sí.

Deir sí nach féidir le 30% de scoileanna lán-Ghaeilge glacadh le gach iarratas mar nach bhfuil dóthain spáis iontu agus mar go dtugtar tús áite do shiblíní. Sa chás sin, "níl de dhara rogha ag na scoileanna sin ach critéir iontrála a leagan amach."

Is tuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge 5% de phobal na scoileanna lán-Ghaeilge, a deir Gaeloideachas, agus san áit a bhfuil ró-éileamh caithfear tús áite a thabhairt dóibhsean mar "go bhfuil sé fíor-thábhachtach a chinntiú go bhfuil oideachas ar fáil dóibh ina dteanga dhúchas agus go dtacaíonn a gcuid saibhris teanga le sealbhú na Gaeilge i measc na bpáistí eile." 

Maíonn Gaeloideachas go gcuireann an córas lán-Ghaeilge fáilte roimh gach páiste "beag beann ar chumas ná cúlra teangeolaíoch" agus gur cheart go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do gach páiste ar mian leis nó léi é.