Léiríonn figiúirí nua go raibh beagnach 7,000 páiste faoi 17 bliain d'aois ag fanacht le coinne a fháil le síceolaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag deireadh mhí Iúil seo caite.

Tá an t-eolas nua seo le fáil sa tuarascáil is deireanaí atá curtha amach ag an gComhghuallaíocht um Chearta Leanaí faoi na seirbhísí éagsúla Rialtais atá ar fáil do dhaoine óga.

Léíríonn na figiúirí freisin go raibh an tríú cuid de na páistí ag fanacht os cionn bliana le coinne a fháil.