Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Aogán Ó Fearghail go gcinnteoidh ceapadh oifigeach forbartha Gaeilge san eagraíocht go mbeidh an Ghaeilge lárnach i ngach rud a dhéanann siad.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Aogán Ó Fearghail go mbeidh an té a cheapfar in ann tacaíocht agus comhairle a chur ar bhainistíocht agus ar oifigigh an chumainn agus daoine a ghríosadh le tuilleadh Gaeilge a labhairt.

Maidir le labhairt fhorleathan an Bhéarla ag Comórtas Peile na Gaeltachta, mhaígh sé gur faoi na clubanna féin atá sé feabhas a chur ar an méid Gaeilge a labhraítear ann.

Dúirt sé nach mbeidh an t-oifigeach Gaeilge atá le ceapadh in ann tada a dhéanamh ina thaobh sin.