Tháinig ardú 10.4% ar an meán ar phraghas cíosa ar fud na tíre anuraidh, de réir na bhfigiúirí is deireanaí atá curtha amach ag lucht an tsuímh idirlín daft.ie.

Léiríonn na figiúirí go bhfuil daoine ag íoc €1,227 in aghaidh na míosa ar an meán.

Seo an ceathrú bliain as a chéile ar tháinig ardú 10% nó níos mó ar chíos.

Deirtear gurb é an t-údar atá leis seo ná ganntanas áiteanna le ligean agus éileamh mór a bheith orthu.

Dúirt an tOllamh le hEacnmaíocht Ronan Lyons, a chuir na figiúirí le chéile do daft.ie, nach bhfuil ag éirí leis an bplean chun bac a chur ar ardú cíosa in áiteanna áirithe agus nach réiteofar an fhadhb muna gcuirfear tuilleadh áiteanna ar fáil.

Dúirt Niamh Randall ón gcarthanas Clann Shíomóin go bhfuil contúirt ar na mílte a bhfuil áiteanna ar cíos acu go mbeidh siad gan dídean agus go gcaithfidh siad dul isteach i lóistín éigeandála mar gheall ar an ardú ar chíos.