Tá sé ráite ag Príomh-Aire na Breataine Theresa May tráthnóna go bhfuil bunús ann le theacht ar shocrú idir páirtithe Thuaisceart Éireann.

Ba chóir go mbeadh an Feidhmeannas ar a chosa arís go luath a dúirt sí.

Bhí an Taoiseach Leo Varadkar agus Príomhaire na Breataine Theresa May i Stormont inniu agus tuairimíocht láidir ann gur gearr go dtiocfar ar shocrú i Stormont.

Ach deir polaiteoirí i Sinn Féin nach bhfuil an toil ann ón DUP socrú a dhéanamh.