Tá an Taoiseach Leo Varadkar agus Príomhaire na Breataine Theresa May i Stormont tráthnóna agus tuairimíocht ag méadú go ndéanfaidh páirtithe Stormont margadh roimh dheireadh na seachtaine.

Tá an bheirt chun casadh leis an 5 phríomh-pháirtí sa Tuaisceart i gcaitheamh an lae.

Is é an chéad uair don Taoiseach a bheith ag na comhráití.

Chaith sé an lá i mbun cruinnithe ar dtús le Príomhaire na Breataine agus ansin ag fáil léargais óna páirtithe ar staid na hidirbheartaíochta.

Dúirt Leo Varadkar ar mhaithe le muintir an Tuaiscirt ar fad gur fhéach sé na páirtithe a spreagadh i dtreo socraithe.

Rinneadh cáineadh cheana ar Theresa May gan idirghabháil a dhéanamh.

Comhartha ceaptar go bhfuil dlús faoina cainteanna go bhfuil sí anseo.

Dúirt Príomhaire na Breataine go bhfuil dul chun cinn déanta agus gur choir tógáil ar sin go dtí go bhfuil margadh déanta.

Teipr ar chomhrialtas an DUP agus Sinn Féin mí Eanáir anuraidh de dheasca titim amach faoin scéim inathnuaite teasa.

Ach ansin thóg Sinn Féin seasamh ar cheisteanna eile a bhí ina gcnámh spáirne le blianta i dtaobh ceisteanna cultúrtha, sóisialta agus oidhreacht na dTrioblóidí.

An Ghaeilge agus reachtaíocht díthe an chonstaic is mó ar athbhunú Feidhmeannais.

Chuir lucht labhartha na Gaeilge agus fiú daoine nach cainteoirí iad in iúl go rialta, do Shinn Féin go háirithe, gan socrú a dhéánamh muna bhfuil Acht Gaeile ar leith ann.

Tuigtear go mb'fhéidir gurbh é an réiteach a bheidh ann, go mbeidh 3 bhille ann – don Ghaeilge, don Ultais agus ceann do Chultúr agus Meas – a bheadh seans faoi Choimisiún nó Choimisinéir amháin.

Ceist eile é an sásódh a leithéid pobal na Gaeilge.

Meastar go mairfidh an idirbheartaíocht lá nó dhó eile, sula mbeidh socrú ann b'fhéidir roimh dheireadh na seachtaine.