Tá Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte le hathbhreithniú sábháilteachta a dhéanamh ar mhonatóirí féatais atá i mórchuid aonad máithreachais.

In 2009 ghlaoigh Philips, táirgeoirí monatóirí Avalon, ar ais na gairis tar éis gearáin go leor faoin meaisín a bheith ag tabhairt tomhaiseanna mí-chruinne.

Chuir an comhlacht fainic ar ospidéil go raibh baol mór ann, baol báis fiú, do mhná agus a gcuid linbh.

Glaodh ar ais ar mhonatóirí as 11 ospidéal, an tOspidéal Réigiúnach Lár Tíre i bPort Laoise ina measc.

Bhásaigh cúigear páiste san ospidéal sin.

Bhí deacrachtaí le scanadh féatais i gcás an chúigir.