I gcúirt i mBaile Átha Cliath tráthnóna, cúisíodh Adam Nolan, 19 bliain d'aois, as Baile Gadaí in iarthar na cathrach i ndúnmharú Bryan Cassidy, 52 bliain, a bhásaigh de bharr a sháite arú aréir.

Cuireadh siar faoi choinneáil é ar feadh seachtaine.

Tugadh fianaise sa chúirt nach ndúirt Adam Nolan aon bhlas nuair a cúisíodh é.

Mhol an breitheamh go mbeadh fáil aige ar chóir leighis shíciatrach agus é faoi choinneáil.

Bhásaigh Bryan Cassidy, as Cearnóg Heuston i mBaile Átha Cliath, de bharr a sháite agus é ar cuairt ag teach a pháirtí i mBaile Gadaí.