Níor thug an Chúirt Uachtarach aon bhreithiúnas fós ar an iarratas atá déanta ag beirt atá ag cur in aghaidh an ionaid atá an comhlacht Apple ag iarraidh a thógáil i mBaile Átha an Rí, Co na Gaillimhe, ar chostas €850 milliún.

Tá an bheirt ag iarraidh cead ar an gcúirt achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte an t-ionad a cheadú.

Rinne na dreamanna ar fad atá páirteach sa chás argóintí dlí sa chúirt inniu.

Dúirt an triúr breitheamh sa Chúirt Uachtarach go dtabharfaidís a mbreithiúnas ar an gcás lá níos faide anonn.