I gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath, cuireadh tús le triail iar-phríomhfheidhmeannach bhanc an Anglo Irish David Drumm.

Tá David Drumm, 51 bliain d'aois, ag pléadáil neamhchiontach in aon bhaint a bheith aige le comhcheilg chun €7.2 billiún a chúbláil agus chun eolas nach raibh cruinn a chur ar fáil don mhargadh d'aon turas.

Cuireadh cás an ionchúisimh faoi bhráid an ghiúiré ar maidin.