Dúirt Michel Barnier, príomh-mhargálaí an Aontais Eorpaigh maidir le himeacht na Breataine as an Aontas, nach bhféadfar pointí seiceála i gceantar na teorann sa tír seo a sheachaint nuair a fhágfas an Bhreatain an margadh aonair agus an t-aontas custam.

Bhí Michel Barnier ag labhairt sa Bhruiséil mar ar thug sé cur síos d'iriseoirí ar an dul chun cinn atá déanta sa bhabhta comhráite is deireanaí faoin bpróiseas.

Maidir leis an teorainn in Éirinn, dúirt sé nár mhór d'aon réiteach a bheith beacht agus glan soiléir.