Tá Rialtas na Breataine cáinte ag an eagraíocht abhcóideachta Gaeilge Pobal mar nach bhfuil eolas curtha ar fáil acu maidir le Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh sa Tuaisceart.

Tá dualgas dlí ar leith ar Rialtas na Breataine mioneolas a thabhairt faoi fheidhmiú na cairte i dtaca leis an nGaeilge de. Tuairisc chuimsitheach a chur ar fáil do Chomhairle na hEorpa gach trí bliana atá i gceist.

Deir Pobal nár cuireadh aon eolas ar fáil faoin nGaeilge ná faoin Ultais mar gheall ar easaontas i Stormont faoina ndéarfaí sna tuairiscí sin. 

Léiríonn sin chomh leochaileach agus atá stádas na Gaeilge taobh istigh d'fhorais Stormont, a deir Pobal, agus an gá atá le hAcht Gaeilge leis an teanga a chosaint agus a chaomhnú.

Tá coiste saineolaithe ag an gcairt agus tá sé molta acusan trí huaire roimhe seo gur cheart Acht Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart.