Tá sé dearbhaithe go foirmiúil ag an gCúirt Uachtarach go bhfuil an cosc iomlán ar theifigh a bheith ag obair a tír seo míbhunreachtúil.

Rialaigh an chúirt i mí na Bealtaine seo caite go raibh an cosc seo míbhunreachtúil i bprionsabal ach cuireadh siar fógra oifigiúil ar feadh sé mhí le go mbeadh deis ag an Rialtas an reachtaíocht ábhartha a dhréachtú.

Dúradh sa chúirt go bhfuil súil ag an Rialtas treoir ó Chomhairle na hEorpa maidir le cead oibre do theifigh a chur i bhfeidhm go luath.