Tá sé iarrtha ag an Aire Spóirt Shane Ross ar an dream atá i gceannas ar an spórt trodaíochta MMA (ealaíona comhraic measctha) rialacha agus cleachtais sábháilteachta a thabhairt isteach.

Ag an gcoiste cróinéara inné faoi bhás an trodaí João Carvalho, a thit as a sheasamh tar éis babhta troda i mBaile Átha Cliath arú anuraidh, rialaíodh gur bás de bharr míthapa a bhí ann.

Rinneadh roinnt moltaí ag an gcoiste cróinéara freisin agus dúradh gur cheart caighdeáin shábháilteachta na dornálaíochta gairmiúla a chur ag obair san MMA.