Tá an Dáil tar éis vótáil i bhfabhar rúin ag moladh go ndéanfaí athbhreithniú ar an bpróiseas tairisceana don chóras leathanbhanda faoin tuath. Chuir an Rialtas in aghaidh an rúin a bhí molta ag Fianna Fáil. 

77 Teachta a thacaigh leis an rún agus 48 a vótáil ina aghaidh.

Chinn an comhlacht Eir an tseachtain seo caite éirí as an bpróiseas tairisceana. Dúirt siad go raibh sé róchasta agus go raibh éiginnteacht ag baint le cúrsaí rialála agus praghsála. 

Níl ach comhlacht amháin anois ag cur isteach ar an gconradh le leathanbhanda a chur ar fáil do gach teach agus ionad gnó sa tír.

Chomh maith leis an vóta ar rún Fhianna Fáil, d'éirigh leis an gcomhghuallaíocht Dlúthpháirtíocht-Pobal Seachas Brabús tacaíocht 78 Teachta Dála in aghaidh 48 a fháil dá mbille siúd le cosc a chur ar thochailt d'ola agus do ghás i limistéar farraige na hÉireann.

Thacaigh Fianna Fáil agus Comhaontas Glas leis an mbille.