Dúnfar Cumann Gailf an Fhearthainn/Phort Nua in iarthar Dhún na nGall ar an 8 Feabhra go dtí go socrófar cás cúirte a bhaineann le talamh.

Cuireadh scéala chuig baill an chumainn go ndúnfar an cumann go mbeidh an cás cúirte faoi úinéireacht phíosa den talamh a bhaineann leis an chumann réitithe.

Aontaíodh anuraidh go ndíolfaí an cumann gailf le fear gnó as Béal Átha Seanaidh atá lonnaithe i Meiriceá, Liam Mc Devitt.

Tá easaontas ann faoi phíosa talaimh atá ar léas ag an chumann. Socraíodh go gcuirfí tús le próiseas dlíthiúil i ngeall air.

Tá ceathrar fostaithe go lánaimseartha agus tríúr fostaithe go páirtaimseartha ag an chumann gailf.

Ta 300 ball i gCumann Gailf an Fhearthainn/Phort Nua  a bunaíodh  84 bliain ó shin.