skip to main content

Fear a raibh baint aige le lucht Hutch caite i mBaile Átha Cliath

Láthair an ionsaithe sa Trá Thuaidh
Láthair an ionsaithe sa Trá Thuaidh

Creideann na Gardaí gur mealladh Jason Molyneux, an fear a maraíodh sa Trá Thuaidh i mBaile Átha Cliath aréir, go dtí an ceantar sular lámhachadh é.

Bhí eolas maith ag na Gardaí ar Jason Molyneux a bhí 27 bliain d'aois. Bhí baint aige le coiriúlacht eagraithe agus bhí sé ciontaithe i mbreis agus 120 coir.

Tuigtear gur caitheadh sé philéar leis san ionsaí a tharla ag árasáin Theach Shéamais Uí Lorcáin sa Trá Thuaidh go gairid roimh 10 a chlog aréir.

Bhí baint ag Jason Molyneaux le buíon coirpeach Hutch ach níl na Gardaí cinnte fós arbh in é ba chúis lena mharú.

Jason Molyneaux

Tá siad den bharúil go mb'fhéidir gur mar gheall ar easaontas eile a maraíodh é seachas mar gheall ar an aighneas idir lucht Hutch agus Kinahan.