Dúirt Cathaoirleach Choiste Bhóthar Dhoire Fhearta, Pádraig Mac Donncha, go bhfuil Gaeltacht Chonamara caite sna fataí lofa ag na húdaráis agus neamhaird déanta ar a n-achainí go gcóireofaí an bóthar idir an Cheathrú Rua agus Ceantar na nOileán.

Tá feachtas ar bun le himeacht bliana go gcuirfí caoi ar an bhóthar.

Deir coiste an bhóthair go bhfuil tuilleadh damáiste déanta dá bharr na fearthainne agus go bhfuil imní orthu faoi shábháilteacht.

Dúirt Comhairle Chontae na Gaillimhe nach bhfuil aon eolas acu le roinnt ag an phointe seo faoi bhóthar Dhoire Fhearta.

Meastar go dteastódh idir €200,000 agus €300,000 chun caoi cheart a chur ar an bhóthar.

Deir coiste an bhóthair go bhfuil a gcás pléite le hAirí, Teachtaí Dála agus Comhairleoirí Contae agus go bhfuil airgead iarrtha acu lena dhéanamh sábháilte faoi thrí, ach nach bhfuil toradh ar a n-iarratais.

Ní i bhfolús atá na deacrachtaí seo. Tá imní léirithe ag daoine i Maigh Cuilinn, i Ros a’Mhíl,  i gceantar na nOileán agus ag Comhlacht Forbartha an Spidéil faoin dhrochbhail atá ar na bóithre i nGaeltacht na Gailllimhe.