Dúradh i gcúirt i mBaile Átha Cliath inniu gur bhain fear úsáid as ainm bréige leis na mílte euro in íocaíochtaí leasa shóisialaigh nach raibh ag dul dó a fháil. Bhí an fear ina chónaí in árasán i lár na cathrach a raibh linn snámha phríobháideach ann. 

I gCúirt Choiriúil Chuarda Baile Átha Cliath, dúradh go bhfuarthas amach anuraidh go bhfuair Daniel Daudet, múinteoir ceoil 40 bliain d'aois as an bhFrainc, €175,000 i liúntais dífhostaíóchta agus in íocaíochtaí eile idir na blianta 2002 agus 2015. 

Dúradh sa chúirt go bhfuil sé sásta an t-airgead a íoc ar ais. Gearrfar pionós air seachtain ón Luan seo chugainn.