Dúradh san Ard-Chúirt go bhfuil cúiteamh íoctha le Alan Thawley faoi bhás a mhná chéile Malak san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais i mBaile Átha Cliath i mBealtaine na bliana 2016.

Bhásaigh Malak Thawley, a bhí 34 bliain d'aois, agus obráid á cur uirthi mar go raibh an páiste a bhí sí a iompar ag fás san fheadán fallópach.

Dúirt dlíodóirí Alan Thawley gur bhásaigh a bhean chéile mar gheall ar fhaillí mhór.

Dúradh sa chúirt inniu gur híocadh cúiteamh ach níor tugadh aon sonraí eile.