Tá fógra flannbhuí gaoithe eisithe ag Met Éireann do chontaetha ar an gcósta thiar ó 3 a chlog tráthnóna go dtí 3 a chlog ar maidin amárach. 'Fionn' atá siad a thabhairt ar an stoirm.

Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Sligeach, an Clár, Corcaigh agus Ciarraí na contaetha atá i gceist.

Deir lucht na haimsire go mbeidh gaoth láidir aniar ann agus luas suas le 80 cileaméadar san uair fúithi tráthnóna agus ar feadh scaithimh anocht. D'fhéadfadh tuilte a bheith ann freisin.

Tá foláireamh sneachta don tír ar fad eisithe freisin.