Dúirt an Teachta Dála ó Fhianna Fáil Éamon Ó Cúiv go bhfuil fearg air go bhfuil neamhaird á tabhairt dar leis ag an Rialtas ar an ngeallúint go ndéanfaí suirbhé ar an gcostas a bheadh leis an gcéad chéim eile de Bhealach Iarnróid an Iarthair. 

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne, áfach, nach gcreideann seisean go bhfuil an plean le haghaidh tuilleadh forbartha ar an iarnród idir Luimneach agus Sligeach caite i dtraipisí ag an Rialtas agus go bhfuil súil aige go mbeidh scéala faoi sa phlean chaipitil a fhoilseofar faoi cheann dhá mhí. 

Bhí sé i gceist go n-athosclófaí an sean-iarnród an bealach ar fad as Luimneach go Sligeach do phaisinéirí agus do lastas. Leagadh an t-iarnród ar dtús sa naoú haois déag ach dúnadh an chuid deiridh di thart ar dhá scór bliain ó shin. 

Faoi lathair, an t-iarnród idir Luimneach agus Baile Átha an Rí i gCo na Gaillimhe chomh maith leis an mbealach idir Cúil Mhuine agus Sligeach atá oscailte. Tá ceist mhór le fada faoin stráice idir Baile Átha an RÍ agus Cúil Mhuine. 

Deir an grúpa feachtais Bealach Iarnróid an Iarthair go bhfuil géargá anois freisin - níos mó ná riamh - an líne idir Clár Clainne Mhuiris i Maigh Eo agus Gaillimh a oscailt arís.

Feictear dóibh, a deirid, go mbeidh fadhbanna móra ann earraí a easpórtáil as an tír nuair a bheas an Bhreatain imithe as an Aontas Eorpach agus gur bealach eile é an t-iarnród seo chun ábhar a thabhairt amach as an iarthar.