Tá tús curtha ag Alan Thawley le cás dlí in aghaidh an Ospidéil Náisiúnta Máithreachais i mBaile Átha Cliath, áit ar bhásaigh a bhean chéile Malak nuair a cuireadh obráid uirthi mar go raibh an páiste a bhí sí a iompar ag fás sa fheadán fallópach. 

Dúirt dlíodóirí Alan Thawley gur bhásaigh Malak, a bhí 34 bliain d'aois, mar gheall ar fhaillí mhór.

Tá sé ag tabhiart cáis in aghaidh an ospidéil mar gheall ar bhas a mhná agus mar gheall ar an gcaoi ar ghoill a bás air.