I gCúirt Chuarda Phort Láirge, phleadáil Hassan Bal, 27 bliain d'aois, a mbíodh seoladh aige ar Shráid Uí Chonaill sa chathair ciontach in airgead a chur ar fáil don eagraíocht a dtugtar Stát Ioslamach air.

Phleadáil Hassan Bal a bhfuil pasanna na tíre seo agus na Breataine aige ciontach in dhá chúis a bhaineann le hairgead a sholáthar do ghrúpa sceimhlitheoireachta agus iarracht a dhéanamh airgead a bhailiú nó a fháil ar son an ghrúpa.

Cuireadh siar faoi choinneáil é agus éistfear an cás arís ar 10 Aibreán.