Tá fear gafa ag na Gardaí i gceantar Gaeltachta Mhúscraí tar éis dóibh teacht ar luach €200,000 de luibh cannabais i mBaile Mhic Íre. 

Tá an fear 41 bliain d'aois á choimeád i stáisiún Gardaí Dhroichead na Bandan faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) tar éis d'aonad drugaí na nGardaí in iarthar Chorcaí, le tacaíocht ó aonaid eile, ruathar a thabhairt faoi theach i Radharc an tSéipéil aréir. 

Thug urlabhraí na nGardaí le fios go raibh an teach á fhaire acu le tamall.