Dúirt an Tanáiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go bhfuil dúshláin shuntasacha ann fós maidir leis an tsáinn ina bhfuil cúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe a bhí aige i Londain le Stát-Rúnaí nua an Tuaiscirt Karen Bradley, dúirt an tAire Coveney go raibh na cainteanna idir an bheirt an-mhaith agus gur dhóigh leis go mbeadh dea-chaidreamh eatarthu san am atá le teacht. 

Dúirt sé freisin go mbuailfeadh an bheirt le chéile arís an tseachtain seo chugainn féachaint le dul chun cinn a dhéanamh i dtaca le feidhmeannas Stormont a bhunú arís.