Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath faoi chorp fir a fritheadh i nDeilginis.

Fuarthas an corp ar chosán a théann isteach chuig bloc árásán gar do Bhóthar an Chlochair ag 8.30 ar maidin.

Tá an corp fós ar an láthair agus tá an áit á scrúdú ag na Gardaí.

Tuigtear go bhfuil amhras orthu faoi céard a ba thrúig bháis dó.

Meastar gur amach sna tríochaidí a bhí sé.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhfuil aon eolas acu nó a bhí sa cheantar aréir nó go moch ar maidin inniu teagmháil a dhéanamh leo i stáisiún Dhún Laoghaire.