Maraíodh fear 68 bliain d'aois i dtionóisc bhóthair gar do Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall ar maidin.

Bhuail an tarracóir a bhí sé a thiomáint agus gluaisteán faoina chéile go gairid roimh 7 a chlog ar maidin.

Gortaíodh tiománaí an chairr sa timpiste agus tugadh é chun an ospidéil.