Tá míshásamh léirithe ag muinitir Thoraí i gCo Dhún na nGall go bhfuil an cruinniú a bhí beartaithe don lá inniu faoi chonradh farantóireachta chun an oileáin curtha ar athló.

Cuireadh scéala chuig comharchumann an oileáin tráthnóna inné go raibh an cruinniú seo idir ionadaithe pobail, an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh, oifigigh ó Roinn na Gaeltachta agus Séamus Ó Baoill - a fuair an conradh farantóireachta - curtha ar atráth.

Dúradh le bainisteoir Chomharchumann Thoraí Marjorie Uí Chearbhaill go raibh imní ar oifigigh na Roinne go mbeidís sáinnithe ar an oileán mar gheall ar dhrochaimsir.

Níl sé ceart, a dúirt sí, go bhfuil an cruinniú práinneach seo curtha ar an méar fhada arís.

Beidh an cruinniú ar siúl Dé hAoine seo chugainn agus cuirfear héileacaptar ar fáil le daoine a thabhairt go Toraigh lena aghaidh.