Deir iar-Aire Stáit na Gaeltachta, an Teachta Dála Seán Kyne go bhfuil dóchas aige go bhfógróidh an tAire Stáit reatha Joe McHugh Bord nua ar Údarás na Gaeltachta go luath an tseachtain seo chugainn.

Dúirt Seán Kyne gur thug an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí liosta don Aire Stáit McHugh an tseachtain seo agus go bhfuil seisean anois le cinneadh a dhéanamh faoi.

2 mhí ó shin, an 20ú Samhain a scoradh an Bord a bhíodh ar phríomháisíneacht forbartha na Gaeltachta.

Ní dheimhneodh an tAire Stáit McHugh inniu an scéal atá tugtha do Nuacht ag an Teachta Kyne.