Tá 3 ainmniúchán do ghradam IFTA faighte ag an scannán Song of Granite, faoin bhfonnadóir Joe Éinniú as Carna.

Is é Pat Collins a stiúraigh an scannán agus rinne triúr aisteoirí as Conamara páirt Joe Éinniú ann, - Colm Seoighe as Ros an Mhíl, Michael Frainc Ó Conghaola as Muiceanach idir Dhá Sháile agus MacDara Ó Fátharta as Inis Meáin.

Tá ainmniúchán faighte freisin ag an scríbhneoir Antoine Ó Flaithearta don dráma teilifíse Grace Harte, agus tá An Béal Bocht tar éis ainmniúchán a fháil don scannán anamúlachta is fearr.

Tá 5 ainmniúchán IFTA faighte ag an scannán Three Billboards Outside Ebbing Missouri, a scríobh agus a stiúraigh Martin McDonagh, mac le Johnny Mhichael Choilm as Leitir Mealláin ó dhúchas.

Ghrúigh an scannán sin 4 ghradam Golden Globe túníos tús na seachtaine. 

Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid speisialta, an 15ú Feabhra.