Deir an Dr Peter Heffernan, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara i nGaillimh go bhfuil reachtaíocht le bheith ann roimh dheireadh na bliana le cosc a chur ar úsáid agus ar tháirgeadh coirníní beaga plaisteacha.

Is é an chontúirt is mó leis na blúiríní beaga plaisteacha sin go dtéann siad sa slabhra bia a deir sé.

Ní mór dúinne, chuile dhuine againn, a gcuid a dhéanamh le ghabháil i ndréim leis.

Dumpáiltear 8 milliún tonna plaisteach i bhfarraige chuile bhliain agus má leanann rudaí mar atá, beidh níos mó plaisteach ná iasc ar muir a deir an Dr Heffernan.