Tá an plódú sna hospidéil ag cur brú ar sheirbhísí otharchairr mar go bhfuil lucht otharchairr coinnithe ag fanacht ag aonaid éigeandála go mbeidh glactha ag an aonad le othar.

Deir Michael Dixon ó Chumann Ionadaíochta na Seirbhíse Náisiúnta Otharchairr go bhfuil sé tarlaithe gur cuireadh moill ar otharchairr a ghabháil i ngleic le glaochanna éigeandála.

Tá cásanna ann a deir sé inar cuireadh uair go leith moille ar chriú otharchairr sular ghlac aonad éigeandála le othar.

Ní bhítear faoi réir riamh chuige, an t-am seo bliana a deir Michael Dixon, cé gur eol gach geimhreadh go mbeidh brú sa mbreis ar an tseirbhís leighis.

Bhí 544 othar ar thralaithe inniu a deir Cumann na nAltraí ag fanacht go nglacfadh ospidéil leo.

53 duine atá ar thralaithe in Ospidéal na hOllscoile Luimneach.

Le seachtain anuas haistríodh 80 othar ó ospidéil phoiblí chuig ionaid phríobháideacha i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.