Tá breis is milliún euro caillte le 2 bhliain anuas ag 3 linn snámha poiblí i gContae Chorcaí atá i seilbh na Comhairle Condae.

I Mainistir Fhearmaí, i Maigh Eala agus i nDún Mánmhaí atá na linnte snámha.

Bhí an chailliúint ba mhó, leathmhilliún euro ag Linn Snámha Dhún Mánmhaí.

Deir an Chomhairle gur socruithe nua fóirne agus cothabhála don linn athchóirithe a h-osclaíodh anuraidh is cúis leis an gcailliúint.

Tá 2 linn sámha in Eochaill agus i gCóbh ar léas ag an gComhairle Chontae le comhlachtaí príobháideacha agus tá siad sin ag cailleadh airgid freisin.

Tá sé curtha in iúl ag an gComhairle go bhfuil sé i gceist acu na linnte atá 20 bliain d'aois i Mainistir Fhearmaí agus i Maigh Eala a athchóiriú ar an múnla céanna le linn nua Dhún Mánmhaí ar mhaithe le caitheamh fuinnimh a chiorrú.

Tá coinníoll leagtha síos ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spórt go mbeidh infheistíocht i linnte snámha amach anso bunaithe ar a gcumas íoc as costaisí reatha.

Cuireadh an t-eolas ar fáil ag cruinniú na Comhairle an tseachtain seo mar fhreagra ar cheist a bhí ag  Séamus McGrath, comhairleor de chuid Fhianna Fáil.